Fioscaireacht
Cuma

Is éard is fioscaireacht[1] (< “fios” + “iascaireacht”; Béarla: phishing; tugtar iascaireacht sonraí ar an bhfeiniméan seo freisin) ann ná ríomhphoist lena ndéantar iarracht cluain a chur ar dhaoine chun go nochtfaidh siad faisnéis (amhail pasfhocail nó sonraí airgeadais), nó chun go ndéanfaidh siad cliceáil ar naisc amhrasacha, nó ceangaltáin gan choinne a oscailt.
Mar shampla, is féidir leis an bhfioscaire uimhir chuntais an duine a mhealladh uaidh nó uaithi chun airgead a ghoid. Tugtar “fioscaireacht spriocdhírithe” ar fheachtas fioscaireachta a bhaineann leas as eolas pearsanta chun díriú ar dhuine ar leith.[2]
Tá an téarma fioscaireacht (“fios” + “iascaireacht”) bunaithe ar an mBéarla: phishing.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““fioscaireacht” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-01.
- ↑ ““fioscaireacht spriocdhírithe” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-01.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |